Inseoltóireacht

 

 

Tá fáilte romhat chuig suíomh gréasáin

Chumann Boghdóireacht Amaitéarach na hÉireann

 

 

 

Tony Walsh - Uachtarán

Fáilte

Tá áthas orm mar uachtarán Chumann Boghdóireacht Amaitéarach na hÉireann tú a fháiltiú chuig an suíomh gréasáin seo. Seo baile bhoghdóireacht stíle FITA i bPoblacht na hÉireann.

Tá os cionn cúig chéad duine idir bhoghdóirí sinsearacha, bhoghdóirí sóisearacha agus dhaltaí ina mball den seacht gclub is fiche atá bainteach leis an gCumann. Tá na clubanna seo suite i dtrí chontae déag ar fud na hÉireann. Is í príomhfheidhm Chumann Boghdóirecacht Amaitéarach na hÉireann feidhmiú ar son ball an Chumainn. Ina theannta sin cothaímid an bhoghdóireacht agus déanaimid ár ndícheall níos mó ban a ghríosú le páirt a ghlacadh sa spórt. Déanaimid an méid sin i bpáirtíocht le scoileanna, coláistí agus clubanna. Tá sé d’aidhm againn go mbeidh club amháin, ar a laghad, i ngnach contae agus traenálaí a bhfuil a dhintiúr faighte aige ó Coaching Ireland i ngnach club

Tá an bhoghdóireacht oiriúnach do chách is cuma a n-acmhainn fhisiciúil nó cén aois iad cibé acu gur mhaith leo a dhéanamh; dul in iomaíocht ag leibhéal idirnáisiúnta nó spraoi a dhéanamh dóibh féin. Cuireann na clubanna atá bainteach leis an gCumann cúrsaí ar siúl do thosaitheoirí. Déan teagmháil le do chlub áitiúil le breis eolais a fháil má tá fonn ort freastal a dhéanamh ar cheann de na cúrsaí seo. Gheobhaidh tú sonraí an chlub is cóngaraí duit féin faoi Cumainn sa bharra nascleanúna ar thaobh clé an leathanaigh seo.


Tá súil agam go mbainfidh gach duine idir thosaitheoirí agus bhoghdóirí a bhfuil seantaithtí acu ar an spórt tairbhe as an suíomh gréasáin seo.

Ar mhaith leat tú féin a choimeád suas le dáta i dtaobh na nuachta is déanaí ón IAAA? Más rud é gur mhaith… cliceáil anseo…agus cuirfimid do sheoladh ríomhphoist ar ár liosta ríomhphostála rialta.


Next Shoot - 12th/13th - Summerhill Double FITA

Strategic Development Plan Documents


Léigh nuachtlitir FITA is déanaí anseo

Léigh an nuacht is déanaí faoi FITA anseo

Foirmeacha ballraíochta 2009 ar fáil faoi doiciméid

Nuachtlitir an earraigh ar fáil anseo

Liosta ballraíochta suas le dáta do stiúrthóirí comórtas anseo

Volunteer in Sports Awards
The Minister for Arts, Sport and Tourism, Martin Cullen TD, has now launched the 2009 National Awards to Volunteers in Irish Sport. The Awards scheme is an initiative of the Department of Arts, Sport and Tourism in conjunction with the Federation of Irish Sports and supported by Setanta Sports and the Irish Sports Council. Visit the News page for further details or http://www.volunteersinsport.ie


Affiliated to
Sponsored by
© Copyright 2007 Irish Amateur Archery Association. Contact us at archery@archery.ie